School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 223
- XML “Béasa an Tórraimh i mBunán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Pé duine a fhanann i bhfeighil an tighe ina raibh an tórramh is gnáthach leis nú leo an suidh[ea]chán (tsuidhchán sa lámhscríbhinn) agus rudaí eile a gcur i mbéal fé díreach agus muinntear na sochraide ullamh chun siubhal.
Nuair [a] shroiseann an [t]sochraid an roilig tógtar an chómhra ar ghualnaibh ceathrair chun dul tímcheall na roilige agus fágtar in aice an teampaill í tamall beag. Tógtar airís í, leogtar i mbéal na huaighe í. Léigheann an sagart paidreacha agus cuirtear an corp san uaigh. Dúntar annsan í agus nuair [a] bhíonn sí lán, cuirtear an rá[mha]n agus sluasad treasna na huaighe i bhfuirm croise agus cuireann na daoine paidreacha le hanam an duine agus filleann siad abhaile.
An culaith éadaigh a bhíodh ghá chaitheamh ag an duine a fuair bás, tugtar do dhuine eile é agus bíonn air nú uirthi an culaith do chaitheamh trí domhantaí i ndiaidh a chéile ag an aifreann (t-aifreann sa lámhscríbhinn).Ó Phádraig Ó Súilleabháin (fear an phuist), Milíní, Bunán- Informant
- Pádraig O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Milleens, Co. Kerry