School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 221
  3. XML “Béasa an Tórraimh i mBunán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Annsan fachtar bróga an duine, cuirtear snas deas ortha, cuirtear a stocaí istigh ionnta agus cuirtear fé leabaidh a[n] bháis nú fén tsuíochán má is ann a bhíonn sé fé chlár d'fhonn is go mbeidís ullamh chun siúlóide ar an dtaobh eile.
    Is gnáthach soir ó dheas a aghaidh do chur, nuair a bhíonn sé fé chlár acht má is sagart é a aghaidh a thabhairt siar ó thuaidh. Ní leogtar d'aon duine ologón do chasadh chun go mbíonn an corp cóirighte agus éadaighe an chuirp timcheall air.
    Fé mar a thagann duine isteach go tigh an tórraimh síntear píop chuige pé aca mór nú beag é chun guidhe ar son anma an duine atá marbh agus ar son anmna na ndaoine d'imthig rómpa. Píopa bána déanta de chré a bhíonn á dtabhairt amach. Iad lán de thobac agus bíonn beirt ag obair, duine ag gearradh an tobac agus duine eile ghá chur s[n]a píopaibh an fhaid is [a] bhíonn an tórramh agus sochraide ar siubhal.
    Bíonn pláta snaoise ar an mbord ag cosaibh an chuirp agus go minic san oidhche tógtar mórthimcheall an tighe agus tógann gach duine pínse di agus guidheann sé ar na mairbh. Coinnighítear suas an béas sin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig O Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Fear poist
    Address
    Milleens, Co. Kerry