School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh

Filter stories

Back
/ 324 Forward
Resolution: Low | High
Seanteampall

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 202

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sean-teampuill.

Ó Phádraig Ó Súilleabháin, Milíní.
Sean[a]-shéipéal i nGairidh Mhór.
Teampall Fiachna i[s]n[a] Garráin (Béarla: Garranes).
Tá faill an tséipéil i nGaortha Buidhe.
Deirtear go dtéigheadh muinntir na háite (Eirnín, Na Garráin, Cúimín) isteach ann dá mbeadh eagla ortha bheith déidheanach i gcóir an aifrinn. Deirtear go bhfuil Teampall Fiachna ar cheann desna teampaill is ársa in Éirinn.
Marbhughadh an tasagairt in Innis Faill:
Sa tseana-shéipéal i nGairidh Mhór deintí an t-aifreann do rádh sara dtógadh an tséipéal(!) atá i Milíní fé láthair.
Domhnach áirighthe i mí na Nodlag bhí an t-aifreann ráidhte sa tséipéal i nGairidh Mhór. Bhí éide an t-aifrinn(!) á cur sa mhála canafais mar bhí ar an sagart dul thar Chnoc na hEasga - cnoc idir Gleann Garbh agus an Bunán agus an dara aifreann a thabhairt uaidh gach Domhnach agus b'é sin fáth na rudaí (lámh chuibhreach, cochall aifrinn, crios agus línéadaighe na haltóra) do chur sa mhála.

(continues on next page)
Informant
Pádraig Ó Súilleabháin
Gender
male
Age
65
Occupation
fear poist
Address
Milleens, Co. Kerry
Language
Irish