Piseoga
10. Teine Bealtaine: -
Gan aon teine d'fhágaint taobh amuigh den doras Lá Bealtaine.
11. Is gnáthach cuigionn do dhéanamh ins gach tigh feirmeora Lá Bealtaine agus cuid di [a] choimeád istigh i rith na bliana chun leigheasanna do dhéanamh. Coimeádtar i seanmhuga é; agus tá an béas ann láithreach.
12 Seanbhéas: - Nuair a fhaigheann duine bás is gnáthach le na daoinibh culaith nuadh nú an culaith éadaigh a bhíodh á chaitheamh aige a thabhairt do dhuine eile ar son anam an duine mhairbh. Théigheadh an té a bhíodh cgun iad do thógaint agus iad do chaitheamh; théigheadh sé ar a ghlúinibh agus iad [d'] iarraidh ar son Dé agus ar son anam an duine gurbh leis iad. Bhí sé d' iachaibh (=fhiachaibh) air iad do chaitheamh trí Domhantaí i ndiaidh a chéile ag an aifreann.
13. Cómhra: - Níl sé ceaduighthe clúdach na cómhran[n] do bheith uirthi agus í ag dul isteach sa tigh. Leagtar in aice an fhalla í.
(continues on next page)