12/09/2022 Weekly Pick  (See more »)

School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh

Filter stories

Back
/ 324 Forward
Resolution: Low | High
Na Lochlannaigh - Tobar na Lochlannach

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 186

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Na Lochlannaigh

Tobar na Lochlannach:
-Tá an tobar sin suidhte ar an dtaobh thiar den pharóisde ar bharr an chnuic, Nuair bhí na Lochlannaigh ag déanamh beorach as an bhfraoich gheibhidís uisge ón dtobar san mar deirtear ná raibh aon uisge eile oireamhnach chun é do dhéanamh san gceanntar seo. Deirtear go raibh rún ag na Lochlannaigh ar cionnus an b[h]eoir do dhéanamh agus deirtear nár deineadh riamh ó shoin í agus dá n-ólthá an t-uisge do bheithfeá seacht mbliana níos óige.
[Nótaí:] Tá an tobar so láimh le scoil
G[h]ort na binne, baile fearainn: Cnoc Dubh; par. An Bunán.
Bóthar na Lochlannach: i gcomhursanacht Chill Orglan

Language
Irish