School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh

Filter stories

Back
/ 324 Forward
Resolution: Low | High
An Bia a Bhí ag na Seandaoine

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 182

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

An biadh a bhíodh ag na seandaoine
1) Staimpí, baidhreán, cáidí -arán coirce- agus putóga fola.

Chun staimpí a dhéanamh gheibhidís píosa nú cearnóg déanta de stán, chuiridís mórán puill de mheanaithe tríd, annsan gheibhidís prátaí móra agus dheinidís na prátaí a c[h]imilt i gcoinnibh na cearnóige agus annsan fháisgidís an stuif a bhíodh sa bhucaod chun an t-uisge a bhaint de.Chuiridís ladhar phlúir tríd agus dheinidís righin é chun go mbíodh sé ina thaos. Annsan chuiridís san mbácús é chun é a bhácáil.
Seo píosa filidheachta mar gheall air:
"Do chuir Righ Gréige sgéalta go Lúndain
go dtiocfadh sé go hÉirinn go bhfeiceadh sé an iongnadh
go raibh a staimpí cake ann, le déanamh go flúirseach
Is go ró bhreágh an béile do bhlackanna dubha é
Rag a duddle al dom dom dom deedle dom dum
Rag a duddle al dom dom staimpí cake air.
Bhí beirt ghá fásgadh, triúr ghá scríobadh
bean na súl ndearg á tarrac tríd an
[n]gríosaigh
Rag --- air"

(continues on next page)
Informant
Pádraig Ó Súilleabháin
Gender
male
Age
65
Occupation
fear poist
Address
Milleens, Co. Kerry
Language
Irish