School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 180

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 180

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 180
  3. XML “Teampall Fiachna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Conn agus naomh gach duine díobh.
    Aoine an Chéasta gach bliadhain théigheadh mórán daoine chun an teampuill chun turais do thabhairt agus chríochnuidís na tuiris ar
    D[h]omhnach Cásca. Dubhairt bean sa chomharsanacht liom go raibh cailín aice a gheibheadh tuitimeas nú breoiteacht mhór go fíor-mhinic agus aon lá tar éis taom breoiteachta a
    g[h]abháil (=dh'fháil?) chuaidh sé féin agus an cailín go dtí an teampall chun turais a tabhairt agus tré impidhe an naoimh do leigheasadh í.
    Deirtear gur g[h]oid bean éigin ím i mBunán agus bhí sí a thabhairt go Beanntraighe treasna na Léime -tá bóthar idir an teampall agus Beanntraighe thar an chnoc san- chun í do dhíol.
    Bhuail an naomh uimpi agus d'ionntuigh sé ina rollaí cloch na meascáin ime, agus táid le feiscint ar charraig in aice na roilige.
    Cuirtear "Rollaí ime" mar ainm ortha agus tá clúdach (clúid) na meidhre agus na rollaí ann fós péirse nú mar sin ar an dtaobh amuigh den teampall.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig O Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Fear poist
    Address
    Milleens, Co. Kerry