School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh

Filter stories

Back
/ 324 Forward
Resolution: Low | High
Teampall Fiachna

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 179

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Teampall Fhiachna

I mBunán an sean-teampall seo agus deirtear go dtagadh Naomh Fiachna ó gCairbre go dtí an teampall san c[h]un afrinn do léigheadh. Deirtear gur rugadh i gCaolc[ho]il[l] i gCorcaigh é. Tá an áit sin cúig m[h]íle d[h]éag ó Bheanntraighe. Tá sé i mbéalaibh na ndaoine go raibh clann mhór ag a
m[h]áthair agus annsan rugadh triúr eile agus cheap a n-athair ro raibh
muir[ín] ró throm aige, agus maidean amáireach do bheartaigh sé chun iad a chur as an tslighe. Chuaidh sé amach agus triúr mac sa mhála aige chun iad a bháthadh.
Bhí sé ag déanamh ar an abhainn nuair a bhuail an sagart uime. Tháinig amhras ar an sagart agus d'fhiafruigh sé dhe cá raibh sé ag dul chomh grod sa mhaidin. Agus dubhairt an fear go raibh sé ag dul go dtí an abhainn agus coileáin a bhí á mbáthadh aige. Annsan do thóg an sagart an mála, d'oscail sé é agus cad a bhí ann ach na páistí. Thug sé leis abhaile iad. Fuair sé banaltra
c[h]un do oileamhaint agus b'iad Fiachna, Leicna agus

(continues on next page)
Informant
Pádraig O Súilleabháin
Gender
male
Age
65
Occupation
fear poist
Address
Milleens, Co. Kerry
Language
Irish