Scoil: Siolbhrain (Shelbourne) (uimhir rolla 5235 or 5484)

Suíomh:
Gortrooskagh, Co. Kerry
Múinteoir:
Síghle, Bean Uí Thuama
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 126

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Siolbhrain (Shelbourne)
  2. XML Leathanach 126
  3. XML “Feart an Cárthaigh Mhóir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pádraig Mac Suíbhne (An Suíbhneach Meann)
    do chúm é seo. Tá sé ag múineadh i Sgoil Cúil Aodha, Co. Corcaighe.
    Do mharbhuigheadh Domhnall Mac Cárthaigh i gCath Callain, i naice Cill Garbháin 1261. Is ar taobh an bhóthair, ar pháirc an áir atá an taoiseach cródha curtha.

    (I)
    'S ann iseadh luigheann an Cárthach
    Fé'n ngarbh liagh, ocón!
    Gan fasg ó ghaoith ná bháisteach,
    Ar leachain mhaoil an cheoigh.

    (II)
    An t-aiteann timceall bláth-bhuidhe,
    Ag feachadh a chinn go feóir;
    Glaise ag síor-crónán thart,
    Ag casadh fuínn fíor-bhróin.

    (III)
    Mo chreach, mo chaoí, mo chráidheacht!
    An calm, triath ar feóchadh, (feó)
    An seabhach (shavach) fíor do'n Chárth ' fhuil,
    Bhí gaisgeamhail, gníomhach (gníoch) in gleó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Suíbhne
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)