School: Siolbhrain (Shelbourne) (roll number 5235 or 5484)
- Location:
- Gortrooskagh, Co. Kerry
- Teacher: Síghle, Bean Uí Thuama
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(V)Tá tuairisc ag Béara le chéile is ag Corcaigh go h-árdh,Bacaigh siubhal Éireann ag éibhear mo dhorais gach lá,Go mbíonn a gcaintíní gléasta aca déanta go cantain de'n stáin,Is ná shásóchadh aon déirc iad gan braon d'fhagháil de bhainne an gabhair bháin.
(VI)Mhuise, a dhuine gan mheabhair bí ceannsa is cneasta le d'mhnaoi,Mar gur measa duit uait í im' thuirim ná maireann de d' clainn,Nuair bheithfeá go fann gach am id' leabaidh id luighe,Gurb í bheadh ag d'cheann gan dabht, is í ag bogadh na díghe.
(VII)Tá an carraig seo lom ag an ngabhar ó leigeadh í indísc,Tá na cearca sa chrann gan dabht do mheathadh na h-uibhe,Tá an leabadh fé'm dhrom gan dabht gan bogadh le mí,Nár mhór an truagh mhall mé gan amhmras ar easnamh mná tighe.