School: Siolbhrain (Shelbourne) (roll number 5235 or 5484)
- Location:
- Gortrooskagh, Co. Kerry
- Teacher: Síghle, Bean Uí Thuama
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Siolbhrain (Shelbourne)
- XML Page 053
- XML “Loch”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí fear ag dul ó Neidín go Beanntraighe ag ceannach banbhaí. Do fhan sé in Gleann Garbh idtig a dheirbhshiúra agus maidin ar na mhaireach chuaidh sé go Beanntraighe, agus cheannaigh sé dhá banbh. Do fhan sé an oidhche sin in Gleanngarbh airís, agus nuair a bhí breaca an lae ann maidin imbáireach, do chuir sé an dá bhanbh isteachsa chiseán, agus d'imthigh sé suas an gcnoc.Bhí sé díreach i radharc "Loc na hÓrnan," agus do leog sé an cisean síos ar charraigh, ach má leog, chonnaic sé an duine uasal ag teacht chuige, agus cana in a láimh aige!"Dia dhuit," ar seisean.
"Dia is Muire dhuit," arsa Seán, mar bé Sean an ainm a bhí air.
Cad tá sa chisean agat?"
"Dá bhanbh," arsa Seán.(continues on next page)- Informant
- Cáit Bean Uí Chonaill
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Dromanassig, Co. Kerry