School: Cromán (C.) (roll number 12821)

Location:
Cromane, Co. Kerry
Teacher:
Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 283

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 283

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromán (C.)
  2. XML Page 283
  3. XML “Díol agus Ceannach”
  4. XML “Díol agus Ceannach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíodh dhá siopa sa cheanntar so fadó.
    Cheannuigheadh na daoine na rudaí a bhíodh ag teastail uatha i dTraighlí.
    Do mhalartuighdís earraidhe ar earraidhe eile fadó is iad so na n-earraidhe, prataí agus cabaiste agus rudaí eile.
    Uaireannta tugadh na daoine laetheannta oibre ar son earraidhe.
    Ní raibh mórán airgid annso fadó.
    Deineadh úsáid de, chun na n-earraidhe do cheannach.
    Bíodh an marga ar siubhail i gCill-Orglan fadó agus bíonn sé ann fós.
    Bíodh prátaí, planndaí cabáiste agus rudai eile á ndíol ann.
    Bíodh peidleirí agus hucstaeirí ag taisteal ar fuaid na gceanntar so fadó bíodh ialla, snáthad agus rudaí eile á ndíol aca.
    Ceannuigheadh siad sean éadaighe chun páipéar do dhéanamh.
    Máire Ní Shéaghadha
    Lónart.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Shéaghdha
    Gender
    Female
    Address
    Lonart, Co. Kerry
  2. Ní raibh ach dhá siopa san áit so fadó.
    Bhi ceann ag Domhnall Ó Téacháin in-aice le Loch i nGainimh Bháin agus ceann eile ag Máiréad Ní Ealuighthe a bhí 'na cómhnaidhe in-aice na Croise.
    Cheannuigheadh na daoine oíle, té agus siúcra agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.