School: Cromán (C.) (roll number 12821)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (C.)
- XML Page 276
- XML “Tithe na Seanaimsire”
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíodh finneán mar ceann ar sean-tighthibh fadó a gheibhidís ins na purteach.
Bíodh leabaidh sa chistin ins an cúinne ar a dtugtar "a camp bed" uirthe sin.
Bíodh an tinnteán i gcoinnibh an bian agus an simné.
Bhíodh mianach cloca agus moirtéal ins na sean-tightibh fadó agus bhíodh tighthibh timcheall céad bliana ó shoin ag na daoine ar a dtugaidís "mud wall houses" ortha.
Ní bhíodh ach aon doras ins na tighthibh agus dúnaidís é sin le cipín nú le bara iarainn agus aon fhuinneóg agus bíodh féur agus píosa éadaigh ar na fuinneóga istoidhche chun an fuar do coimeád amach.
Bíodh leath-doras ins gach tig fadó.
Clocha beaga agus cré bhíod mar úrlár ins na tighthibh sa t-sean-aimsire.
Bíodh móin chun na tine ag na daoine.
Bíodh"bogwood" ins na tine acu chun solas a bheireadh dóibh.
Deinidís coinnle san ait so fadó.Máirgréad Ní Fhoghladha,
Cromán Uachtar.- Collector
- Máirgréad Ní Fhoghladha
- Gender
- Female
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry
- (continued from previous page)go dtí go raibh sé leaghtha, agus annsan leigidis isteach sa mhúnla, annsan cuiridís snáth-cadár tríd, annsan tógadaís amach agus biodh sé 'na coinnle.Máire Ní Shúileabháin.
Lios Na Gaoithe.