School: Cromán (C.) (roll number 12821)

Location:
Cromane, Co. Kerry
Teacher:
Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 240

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 240

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromán (C.)
  2. XML Page 240
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá lios annso geall le ceathramhadh míle ar an dtaobh thiar den scoil seo.
    Lios Na Gaoithe a tugtar ar an ait.
    Ta cuma cruinn ar an Lios.
    Tá aiteann ag fás ar an gclaidhe 'na timcheall.
    Tá cloch geall le sé troighthe ar aoirde agus trí troighthe ar fhaid agus dhá throigh ar leatha ar a bun 'na seasamh in aice na beárnan atá ag dul isteach san lios.
    Deir na sean daoine gurb 'iad na Sean Gaedheal a dhein an lios sin.
    Chomhnuigheadar san lios agus fuaradar bás ann agus 'na dhiaidh sin bhíodh na púcaí le feiscint ann dar le daoine agus bhíodh eagla ar na daoine dul in-aice an leasa tar éis tuitim na h-oidhche.
    Chualas sgéal mar leanas sa bhaile i dtaobh an leasa .
    Uair amháin bhí bean bhocht 'na comhnaidhe in-aice an leasa agus bhí aon mhac amháin aice.
    Fuair an mac breóidhte agus ní raibh braon bainne aice le thabhairt dó.
    Lá amháin bhí sé go h-ana olc agus chuaidh a mháthair amach agus chonnaic sí bó bhán sidhe le h-ais an leasa.
    Fuair sí bucaod agus do chrúdhadh sí an bhó isteach ann agus thug sí cuid den bainne da mac.
    Do bhí bean sainnteach 'na chómhnaidhe san áit agus chonnaic sí an bhean eile ag crúdh na bó agus tháinig éad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Shúileabháin
    Gender
    Female
    Address
    Cromane Upper, Co. Kerry