School: Cromán (C.) (roll number 12821)

Location:
Cromane, Co. Kerry
Teacher:
Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 206

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 206

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromán (C.)
  2. XML Page 206
  3. XML “Cleamhnaistí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deintear cleamnaistí annso go mór mhór in aimsear na h-Inide.
    Má bhíonn inghean ion-phósta ag fear agus spré aige di cuireann sé stóchach d'fhear a cheapann sé a bheadh feirm oireamhnach di, le sgéul an cleamhnais:
    Má thaithneann an cailín agus an spré le muinntir an fhir óig agus má bhíonn athair an chailín sásta leis an bhfeirm socruigheann siad an cleamhnais agus lá an phósta.
    Cúpla lá roimh ré tugann siad cuireadh dá gcáirdibh teacht chun na cóisire.
    Maidean lae an phósta tagann na daoine a gheibheann cuireadh go dtí tigh an chailín.
    Bíonn biadh agus deoch go leór le faghail acu agus bíonn spórt mór acu. Fanann siad ann go dtí go mbíonn sé in am dóibh dul go dtí an seipéal.
    Annsan téigheann siad go léir go dtí an seipeal i ngluisteáin, Drag a tugtar ar sin.
    Nuair a bhíonn siad pósta téigheann siad go léir go dtí tigh na lánamhna, i gcóir an dinnéir.
    Bíonn biadh agus deoch de gach saghas ann.
    Nuair a bhíonn an dinnéar thart tosnuigheann siad ag rinnce, agus seinmh ceoil agus leanann siad go dtí maidean lá'r na bárach.
    Ni bhíonn ac cupla gluaisteán ag an gcóisire le deannaighe, ach gheall le cúig bliana deúg ó shoin bíodh suas le
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghríbhthín
    Gender
    Female
    Address
    Cromane, Co. Kerry