School: Clochar Lughaidh, Carraig Machaire Rois (roll number 15329)

Location:
Carrickmacross, Co. Monaghan
Teacher:
Sr. Máire

Filter stories

Back
/ 042 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0935, Page 014

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá stát mór suidhte do'n taobh thiar de Charraig Mhachaire Rois. Ó h-innseadh an sgéal seo de'n chéad uair tá mórán aithrighthe tagaithe ar an áit. Roinneadh í in a lán de deirmeacaibh beaga agus i bhfeirm amháin acu tá páirc fé leithe agus tá poll mór san dtalamh agus deirtear go raibh bó fá leith san bpáirc sin ag inior na céadna bliain ó shoin - bhí an oiread sin bhainne aici nárbh fhéidir í a thaladh líón gach éinne a soighigheacha agus i ndeire na dála dubhairt bean go dtalfadh sí an bhó go dtí an braon deireannach. Thug sí criathar leithi agus amach léi. Do bhligh sí an bhó agus do bhligh sí go dtí go bhfuair an bhó bás. Fágadh poll san dtalamh i bhfuirm baisín agus tá sé le feicsint go fóill.

D'innis Seán Mac Caba, Creary, Carrickmacross.

Informant
Seán Mac Caba
Gender
male
Address
Creevy (Swinburn), Co. Monaghan
Language
Irish