School: Cor Críochach
- Location:
- Corcreeghagh, Co. Monaghan
- Teacher: Ss. Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cor Críochach
- XML Page 350
- XML “Seanfhocla agus Seanráite”
- XML “Filip an Mhinistir agus A Athair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ceo dheireadh Gealaighe agus fearthainn dheireadh an lae agus galar súl seanduine sin trí nidh nach dtig a léigheas. Cha rabh cogadh mór ariamh nach dtiocfadh cuid aca sámhalta.Go rabh tarraingt [?] do láimhe agat.
D’fhág sé an ghaoth ar a’ doras acú.
Béidh tú sa mbaile am go leor le h-aghaidh sculladh fhagáil (sculladh =(scolding).
Racha’ mise ar chéilidh arsa madadh Phara Féiligh
Racha mise leat arsa madadh Phara Ceap.
“Mise d’iosadh an t-im,” arsa madadh Phara Mhic Fhinn
"Mise d’iosadh an t-arán,” arsa madadh Phara Mic Árdghail
“Mise d’iosadh an fheoil” ara madadh Bheití Phóil.Fuaireas an sean-rann thuas ó Thomás Ó Beirn, Lios Dúnain, Co. Muineacháin, níos mó ná triocha bliain ó shoin ann. ag deanamh tagairt do dhaoine sa comhursanacht sin agus a gcuid madadh atá an rann. - Nuair a thréig Filip a’ Mhinistir an creideamh Catoiliceach agus a rinneadh Ministir de cé go dearnadh sin uilig i gcoinne comhairle a athar dubhairt a athair leis nuair abhí sé ag imteacht:
“Má’s go h-ifrionn atá tú ag dul anois,
Agus mé le bliain do do choinneál as,(continues on next page)