School: Drumgossatt (B.) (roll number 14071)
- Location:
- Drumgoosat, Co. Monaghan
- Teacher: T. Ó Muireadhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Drumgossatt (B.)
- XML Page 219
- XML “Cathal Buí”
- XML “Glaoch an Choiligh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an t-é a bhearfadh lóistín dó. Tráthnóna amháin tháinic Cathal go teach an tsagairt agus é i roicht mná. D'iarr sé loistín oidhche ar an sagart. Dubahirt an sagart nach raibh aon tseomra le tabhairt dó ach go dtabharfadh sé cúinne dó san chistin dá mba mhaith leis é. Bhí Cathal buidheach dó agus luigh sé síos san chistin ar feadh na h-oidhche. Maidin lá ar na bharach chuaidh an sagart isteach sa chistin féacaint cá raibh Cathal. (An bhean shaoil sé) bhí sé imighthe agus bhí an nóta seo ar an tábla agus an rud seo sgríobhtha air:
D'fhág tú seacht mallacht a sagairt a chroidhe ar an t-é a bheirfeadh ceathramha do Chathal Buidhe.
Is thuit na seacht mallacht i dslighe.
Chuartaigh an sagart thart agus thug sé faoi ndéar go rabh seacht rudaí in easnamh - a chapall - a mhadadh - a fuip - a bata droighin - a cóta mór - a chat agus an cailín aimsire. Tá sean-fhocal san áit seo i dtaobh Chathail - "Má tá mé buidhe fhéiin níl mé comh buidhe le Cathal." - Bíonn sgáth agus sgannradh ar muinntear na h-áite seo má ghlaodhann an coileach.(continues on next page)