School: Drumgossatt (B.) (roll number 14071)

Location:
Drumgoosat, Co. Monaghan
Teacher:
T. Ó Muireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0929, Page 215

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0929, Page 215

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Drumgossatt (B.)
  2. XML Page 215
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Tá abha ag gluaiseacht tríd Mhacaire Chluaine...

    Tá abha ag gluaiseacht trí Mhachaire Chluaine. An Ghob a tugtar uirthi. Deirtear gur caitheadh a lán ornáidí ordha agus clocha luachmhara isteach ins an abhainn seo uair dhá rabh saighdiúirí Chromaill ag bruodeamh go teann ar na Gaedhil. Bhí dúil mór ag na Gaedhil i gcomhnuidhe in ornáidí ordha agus i gclocha luachmhara agus ba gháthach leo dul isteach san Mhidhe ar turas ar lorg na neithe seo. Is ag teacht abhaile ó turas mar seo bhí na daoine seo nuair a mhothuigheadar go rabh saighdiúirí Gallda ar a lorg. As go brath leó comh tapaidh leis an Ghaoth Mhárta ach nuair a tháinic siad comh fada leis an Ghob chonaictheas dóibh go ngabhfaidhe iad dá mbeadh siad ag siúl leis an chreach a choimead. Ach ag an am céadna ní bheadh sé le rádh acu go bhfuair na Gaill aon tsásamh as an ruaig úd agus chaitheadar a rabh de chreach acu isteach san abhainn. Deirtear gur fritheadh a lán de na rudaí seo idir an áit sin agus béal na h-abhna. Ornáidí luachmhara agus bioráin luachmhara a bhformhór. Tá áit san paróiste seo ar a dtugtar Dún na Muice uirthi. Dertear gur a bh é an fath gur tugadh an t-ainm sin ar an áit na go dtáinic muc dhubh iongantach an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish