School: Cnoc na Bró
- Location:
- Knocknabro, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Scannaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Bró
- XML Page 639
- XML “Mac Rí Éireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mac Ríogh ÉireannBhí Rí ann fadó agus is fadó bhí, agus bhí aon mhach amháin aige. Gabh sé amach lá agus thóg sé leabhar leis is bhí sí ghá léigheamh. Thuit a codhladh air agus nuair a dhuisig sé ní raibh tig ná treibh roimis ach fál trom agus neanntóg. Do shiubhal sé roimis agus connaic sé poll dul síos fé thalamh agus chuaidh sé síos. Bhí annsan fear críonna a’ suidhe ar cathaoir. Do bheannuig sé dhó agus d’fhiafruig an fear aosta cé’r mhac é. Dubhairt seisean gur mac le Rígh Éireann é. “Dar fiad” arsan duine aosta "cuala d’athair á rádh gur imthighis uaidh agus ní féidir fé an domhan cár imthíghis, agus má’s tusa a mhac is mise d’athair báistidhe. Má’s tú tá comhartha - cille ar do cúl. Féach bhfuil sé ann. Ó tá – cá rabhais ó shoin?
“Bhíos ‘m codhladh”arsa Mac Riogh Éireann. Dá rabhais, tán tú ceithre céad blíadhan sa codhladh san” arsan duine(continues on next page)