School: Cnoc na Bró

Location:
Knocknabro, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Scannaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 635

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 635

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc na Bró
  2. XML Page 635
  3. XML “An Buachaill Simplí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Búacaill Simplidhe
    Bhí buachaill simplidhe ann fado ‘s cailleadh a athair agus a mháthair. Ní raibh aon tsúaimhneas sa tsaoghal air annsan cun go raghadh ar an saoghal eile cun íad do d’fheisgint. Do cualaidh na daoine ins an tímcheall go raibh sé le h-imtheacht.
    Do bhí gabha ins an áit agus do tháinig sé fé na dhéin feac an déanfhadh sé teachtaireacht dó. Dúbhairt an búacaill go ndeánfhadh sé agus fáilte. Dúbhairt an gabha annsan ná fheadar sé cad a bhí ag cur an mí-rádh air féin agus go raibh oiread oibre a dheánamh aige le h-aon beirt goibhne. Ní bheirfheadh a fhúacht ar a dteas ná a gruth ar a meadhg. Tháinig an fear a braon anúas cuige agus d’iarr sé air a ndeánfhadh sé teachtaireacht dó féin. Pe’n dícheall a dhéanfhadh ar an dtigh cun é díomughadh.
    Dúbhairt an teacthaireacht dó go ndeánfhadh sé agus fáildte. Do cúala an Tíghearna talmhan go raibh sé ag imtheacht agus do bhí cuirabanduiocht aige seo ar an tsaoghal go léir agus ba mhaith leis go ndeánfhadh an búachaill seo teachtaireacht dó. Dúbhairt sé leis an teachtaire cúnntas a thabhairt cuighe connus a gheobhadh sé rud éigin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Language
    Irish