Scoil: Cnoc na Bró
- Suíomh:
- Knocknabro, Co. Kerry
- Múinteoir: Mícheál Ó Scannaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Bró
- XML Leathanach 626
- XML “Ó Guíll”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ó GuíllDuine uasal dob eadh Ó Guíll. Bhí sé ‘na chomhnuidhe i gConndae Corcaighe theas. Bhí bean bocht agus a h-inghean ‘na gcomhnuidhe ag bun chnoic agus bhí daoine uaisle ag fiadhach ar an gcnoc lá. D’fhiafruig an bhean óg dá mháthair ar aithin sí aoine de na daoine uaisle sin. “Aithnighim go maith. Duine aca san sé d’athair é” ar sise. “Ó” arsa an inghean, “agus ar thug sé aon nídh riamh dom.” “Níor thug” ar sise. “Raghadsa ag triall air anois agus iarrfaidh mé rud éigin air.” “Cé tú” ar seisean. “Normánach” ar sise. “Dubhairt mo máthair liom gur tusa m’athair.” “Más mé téig cun mo thigh,” ar seisean agus ná tar ar an mbóthair ná ar an casán agus ná bíodh édach ort agus ná bí lomnochta, ná bíodh cuideachta agat agus ná bí(leanann ar an chéad leathanach eile)