School: Cnoc na Bró
- Location:
- Knocknabro, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Scannaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Bró
- XML Page 613
- XML “Cearbhall Ó Dálaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cearbhall Ó Dálaigh“Am” acfuinn-se a’ Mhuireann ó cuiris im’ dheóidh ríamh é
Is gur theangmuig leat duine bí gcliste cum sgéal d’innsint
Ba maise ba liom-sa bheith a’ druidim na mbó ar m’intleacht
Mar is bainne do cuireann na Ríththibh ag ól fíona”Freagra a thug Cearbhall Ó Dálaigh do mnaoi a thug tarcuisne do.Lá dá raibh Cearbhaill ‘n-a búachaill óg ag aoidhreach bó do chonnaic sé tor aitinn tré teine agus anonn cuige le boin agus thosnuig ag a ithe go sáimh. D’innis Cearbhall an iongantas dhá máighistir a órduig dhó dul amach agus an bó do crúadh cun go bhfaghfaí deoch dá bainne. Dein Cearbhall í a dheighilt amach ó’s na búaibh eile agus do dhein í a crúadh ac ag smaoineamh do iar a crúadh dúbhairt go mblaisfeadh sé féin an céad deoch i n-gan fhios don máighistir. Comh maith do dein, agus mar thoradh ar a bheart do bhí féith na filíochtas aige ar an dtoirt. In ionad búachaill aimsire, bhí againn in aon nóimeat Cearbhall Ó Dáluig an file. Is ag tagairt don rud sin a bhí an bhean,(continues on next page)