School: Cnoc na Bró
- Location:
- Knocknabro, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Scannaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fionn Mac Cumhail agus Lorcán Mac Luirc Do bhuail an fiadh-chailleach uime Fionn. D’fhiafruigh sí de Fhionn imireochadh sé breith. Dubhairt Fionn go n-imireochad, agus do bhuaidh sé an breith ar Fhionn, agus dubhairt Fionn go n-imireochaidís breith eile. Do bhuaidh Fionn an tarna breith. Dubhairt Fionn “Tabhair do bhreith, a chailleach.”
Claidheamh soluis Rí an oileán bháin a thabhairt chugham agus gan aon duine do’n Fhéinn a bhreith leat ach Conán Maol. “Tabhair-se do bhreith anois, a Fhinn.”
‘Sé mo bhreith,” arsa Fionn, cos leat do chuir ar an gcnoc sin thall agus an chos eile ar an gcnoc sin thuas, punan eornan do chuir i lár slíghe agus gan aon rud a thabhairt le n-ithe dhuit ach an méid a shéidfhidh an gaoth chughat di.
Gluais Fionn cun siubhal lá é féin agus Conán. D’árduig leis an chorachán ar an bhfarraige. Bhíodar i bhfad amach sa bhfarraige nuair a chonnaiceadar corachán eile ag teacht(continues on next page)