School: Cnoc na Bró

Location:
Knocknabro, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Scannaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 561

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 561

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc na Bró
  2. XML Page 561
  3. XML “Mullach an Ois”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Mullach an Ois
    Chuadhas tráthnóna ag lorg beathaidheach so líon an ceóis chuadhas amú ní fheadar cá rabhas. Thainig an oidhche orm agus níor bhrithigheas pioc go bhfeacathas sráid breagh mór-tímcheall orm agus soillse mar a bheadh uisge breahghtha is bhíos ag siubhal tríd ar feadh tamaill. Tháinig fear suas liom is dubhairt sé liom teacht isteach go rabhas cortha agus fanmhainn go lá is go bhfeadfainn dul abhaile annsan. Nuair a chuadhas isteach bhí tig breágh ann agus d'aithnig gach aoine a bhí ann mé. Conus aithnigheann sibh go léir mé arsa mise is gan aithne agam ar duine agaibh. Ó aithníghmíd go maith is gach aoine a tháinig romhat. Bhí suipéar breágh ullamh dom annsan agus dubhradar liom tarrang cun an bhúird. Dubhradar ná feadfhainn aon nídh d'ithe mar go raibh eagla orm ach do rith an cathaoir a bhí fúm isteach cun an buird. Chuir san níos mó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish