Scoil: Cnoc na Bró

Suíomh:
Knocknabro, Co. Kerry
Múinteoir:
Mícheál Ó Scannaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 524

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 524

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Bró
  2. XML Leathanach 524
  3. XML “An Feirmeoir agus A Mhac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Feirmeóir agus a Mhac
    Bhí feirmeóir ann agus thug sé a cuid talmhan dá mhac agus do geall an mhac dó go dtabharfhad sé cion socair agus docair dó faid a mairfheadh sé. Do phós an mac agus bhíodar in aon tígheas ach ní fada bhíodar nuair d’éirig idir ‘na mathair agus an mhnaoi óig. Do rainneadar agus do dheiligheadar agus bhí a thigh féin ag gach duine acu annsan. I gcionn bliadhna ‘na dhíaidh san do rughadh óigre óg do bhean a mhic agus ba mhór le rádh é sin. Fuair na cómharsain go léir cuireadh ‘dtí a mbaistíghe agus na daoine muinnteardha agus ní fuair an t-athair ná a mháthair aon cuireadh agus do cuir san an-bhúadhairt tríd a gcroidhe acu. Bris ar a bhfoidhne aici a ‘mháthiar agus do tháinig sé isteach i dtigh a mhic. Do dheaghaidh sí de druim an clíabháin mar a raibh an leanbh. Labhair sí leis an leanbh annsan.
    Mar is Muire dhuit a chumann sa chíallaig.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge