School: Ráithín (C.) (roll number 9384)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Peig, Bean Uí Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i mbarra an t-simné. Anois dubhairt ‘na aigne féin go raibh a ré caidthte mar ná raibh aici acht í féin.
Mhothuigh sí go feilmeannta agus rug sí ar tuagha a bhí sa chúinne. Do sheas sí ar aghaidh Puill an Deataigh amach agus mar b’adhmharaighe a domhain b’é ceann an duine a tháinig anuas agus tharraing Brighidhe an tuagha i dtreoraí a chinn agus a mhuinéil agus sgiob an ceann de. Bhí fear in diaidh fir ag teacht anuas agus í a bhaint na gcinn díobh go dtí go raibh mór-sheisear ar lár aici. Do bhéic an beitheamhnach d’fhan beo i mbarra tsimné ar fear an tighe – “díolfair ar fé mhaidin”ar seisean “a bhfaghadsa congnamh.”
Do ghlaoidh agus do luig Brighide ar fhear an tighe airís teacht fóirithint uirthi. Níor cualad’ sé í agus sí fé an choingeal do mhúcadh ac theip uirthi. Fé dheire is fé déanaighe do bheir sí ar an gcoingil agus do sháidh sí san uisge í. Annsan mhúscail muinntear an tighe go léir. Nuair a tháinig an fear a’ tighe cun na cistineach ba dhóbair go dtuitfeadh an t-anam as nuair a chonnaich sé na cuirp go léir agus an fhuil ag imtheacht ar fuaid an tighe. “A Mhuire Brighide” ar seisean “cad a mhairbh na fir de mhéid d’urlabhradh d’fhan aige. “Do mharbhuigheas iad” arsa Brighide. “Dein-se beagáinín truagh dóibh agus imthig go mear agus tabhair leat na saighidiúirí.” Thánadar agus do nigheadh agus do glanadh na cuirp. Do bheireadh ar na bidtheamhnach d’fan beo(continues on next page)- Informant
- Liam Ua Loinghsigh
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Glenflesk, Co. Kerry