School: Ráithín (C.) (roll number 9384)

Location:
Raheen, Co. Kerry
Teacher:
Peig, Bean Uí Chróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 077

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 077

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ráithín (C.)
  2. XML Page 077
  3. XML “Brighide agus na Buachaillí Bána”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    in a h-aprún é i bhfolach.
    Chonnaic fear a’ tighe í dar leis féin ag goid an bídh agus má chonnaic, thug sé amach dí go feargach. “A bhean maith” ar seisean “an amhlaidh na fuil fonn ort fanamhaint go lá againne agus cad é an chuis go bhfuilir ag tógaint an bídh de’n mbórd” Tá mo dhóthain cúise agam “ ar sise, mar tá páiste sean-mná a bhí im theannta fágaint an tighe amuigh in aice an chlaidhe agus gheallamar araon dá chéile, dá mbuailfeadh aon bhiadh sóghamhail cóir linn gan a céile do dhearmhad agus na fuil fhios agat a fhir mhaith go bhfuil raighse bídh annso agus is amhlaidh atá an sgéal anois go bhfuil na daoine ag fagháil bháis leis an ngortadh.
    “Is fíor san a inghean ó” ar seisean “acht cá bhfuil an t-sean-bhean anois uait?” “Tá sí in a leithéid seo de thigh” ar sise. D’imthigheadar araon agus thugadar leo an bhean. Bhíodar ar a sástacht annsan go dtí gur tháinig luighe na h-oidhche agus bhuail chucha isteach sean-bhean chríonna chaithte le h-aois agus do bheannuigh dóibh go bhéasach agus dubhairt fear a’ tighe léi fanamhaint go maidin. Bhí an suípéar ullamh agus fuair gach duine acu cuireadh chun an bhúird. Thánadar go léir acht an strannséar déanach agus níor aontuigh sí sin dul in aoinfheacht leo. Dubhairt sí pé rud a bhí le fagháil aici, é do chuir sa chuinne dhí. Bhí sin go maith go dtí lár na h-oidhche agus ní
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Liam Ua Loinghsigh
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Glenflesk, Co. Kerry