School: Ráithín (C.) (roll number 9384)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Peig, Bean Uí Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráithín (C.)
- XML Page 055
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán (continued)
“Mo grádh is mo laogh thú is De Bheatha chugamh”
(continued from previous page)1V.
An Fear:
Ní raibh id’ghrádh-sa ach mar bheadh mám den t-sneachta amuigh,
Ná cubhar lá Márta bheadh taréis lae fearthainne
Nó tuille slé i sléibh (tuile sléibhe) do shéidfeadh caise di,
Nó séadán gaoithe de dhruim na fairrge.
V.
An Bhean
Cathain a chonnaicís mo phairt-se no mo-cáil led’ atharrach
Ná mé ag dul ag ól leo ar bhórd go ceannasach
Agus níor smaoineas riamh im’ chroidhe ná im’ aigne
Ar luighe i gclúid is gan tú liom ceangailteV1.
Seán mo pháirt-se is mo ghrádh feasta anois,
Agus glaoidh ar Dhia nois go dian chun t-anama
An Mhaighdean Naomhtha an chéile is fearra duit,
Chun bheith id’ saoradh is daotha an anama.V11.
Ní shéanfad-sa do pháirt ná do ghrádh faid a mhairfidh tú,
Na taréis naoi mbliadhan t’réis dul don talamh dom,
Is fíor go deimhin go mb’fhearr liom agam tú
Na an dó asbol déag a’teacht ag saoradh m’anama.N.B.
Buachaill a bhí go mór le cailín i nGleann Fleisge fadó – suas le dhá céad bliain ó shoin – agus do cailleadh an buachaill. Tamaillín ‘na dhiaidh sin pósadh an cailín fear eile.(continues on next page)- Informant
- Brighd Ní Loingsigh
- Gender
- Female
- Address
- Gortacareen, Co. Kerry