School: Ráithín (C.) (roll number 9384)

Location:
Raheen, Co. Kerry
Teacher:
Peig, Bean Uí Chróinín

Filter stories

Back
/ 124 Forward
Resolution: Low | High
Ráithín (C.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 051

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

an dtig ó shoin i leith.

Ainm an duine a bhfuaras an sgeal uaidh:- Finghín Mac Cárthaigh
Claedeach, Gleann Fleisge, Cill Áirne
A aois:–95bl. A Ghairm-bheatha - Feirmeóireacht

1.
Cearúl Ó Dálaigh

Bhí Cearúl Ó Dálaigh ag pósadh uair amháin annso i nGleann Fleisge agus má bhí ní raibh fhios ag aoinne san gcuideachtain go raibh sé ann mar ní fuair sé aon chuireadh ann agsu is i dteannta 'na mbacach a bhí sé. Fear an-ghrádhna ar fad do b’eadh é agus ní bhíodh mar éadaigh riamh air ach balcaisí strachaighthe. Ach bhí ball searc aige agus do leanfadh na mná go léir é nuair a chífidís é sin.
Bhí san go maith. Bhí Cearúl isteach is amach idteannta na mbacach eile agus bhéarsái áiféiseacha ar siubhal aige. Do leig sé air bheith ‘na a amadán.
Sa deire do ghlaoidh an brídeógach ar dhuine éigin agus d’fhiafruigh sí dhe “Cé’rbh é an bacach mór grána san? “ D’airigh Cearúl é agus d’fhreagair sé mar seo é:-
“Ní bhfearrde dhuit bheith chomh breágh is éa’n tú chun mná do mhealladh
Ná bheith grána mar atáim-se agus lúth im' cois”

(continues on next page)
Informant
Seán Ó Conaill
Gender
male
Age
76
Occupation
feirmeoir
Address
Barna, Co. Kerry
Language
Irish