Cuireadh Eoghan Ruadh fá dhéin an t-sagairt uair amháin agus tharla go raibh an abha fá thuilleadh ag an am agus go raibh ortha a threasnú. Chuaidh an Sagart ar dhruim Eoghain le n-a iompar treasna agus nuair a bhíodar araon istigh i lár na h-abhainn thosnuigh Eoghan ag cumadh ceathramhan ná raibh ró-chóir dar leis an sagart, “Ó” ar seisean le h-Eoghan ”tá an diabhal thiar ort.” “Má tá” arsa Eoghan “ní fada a bheidh” agus leig a ualach siar isteach san abhainn
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Bhí file i nGleann Fleisge fadó darbh' ainm Donnchadh Ua h-Éighcéartaigh agus bhí sé pósta fá chúig. D’iarr duine de sna comharsanaibh de lá “Ciacu desna mnáibh is mó a bhfuil gráin agat uirthi?” “An té do mhair” ar seisean. Bhí beirt dhriothár ag Donnchadh agus filí a beadh an triúr. Ainm an duine a bhfuaras an sgeal uaidh:- Seán Ó Conaill Béarna, Gleann Fleisge, Cill Áirne A aois:–76 Feirmeóir
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »