School: Ráithín (C.) (roll number 9384)

Location:
Raheen, Co. Kerry
Teacher:
Peig, Bean Uí Chróinín

Filter stories

Back
/ 124 Forward
Resolution: Low | High
Eoghan ag an Stáisiún

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 048

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Eoghan ag an Stáisiún

Thárla go raibh stáisiún ag an sagairt paróiste áit éigin ar na Mínteógaibh. Tháinig sé isteach agus chuir an carabhat beannuighthe air chun Faoisdine a chloisint, ach ó tharla go raibh an chuid achu an chuthalach níor chorruigh aoinne chuige. Fé dheire sheas Eoghan agus díreach ar an dtoirt, do sheas feirmeóir achfuinneach agus chromadar araon ar a glúnaibh i bhfochair a chéile.
Ar ndóigh ní raibh oiread measa ar Eoghan is a bhí ar an bhfeirmeóir agus dubhairt an sagart leis suidhe siar ar a’ mhóin annsan dó féin. Bhí sgiathóg móna i ngar do. Rinne Eoghan amhlaidh agus dubhairt:-
‘Má tá an t-Athair-mhac mar an Eaglais
Níl suim ‘nár ngnó
Ní feara dhúinn an t-Aifreann
‘Ná suidhe ar a’ mhóin”

Language
Irish