School: Ráithín (C.) (roll number 9384)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Peig, Bean Uí Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráithín (C.)
- XML Page 047
- XML “Eoghan ina Spailpín Arís”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Eoghan ‘na Spailpín airísBhí Eóghan Ruadh ag baint prátaí i gCondae Luimnigh tráth. Is amuigh i scioból éigin leis na ba a bhí an sórt leabthan aige – tuighe leabhta ar úrlár an lochta agus balcais éadaigh caithte anuas air. Cé go raibh an feirmeóir mustarach a dóithín mar dheadh dearuigheann sé ná raibh sé ró gustalach mar ba mhinic a bhí na ba ag géimnigh leis an ocras aige.
Bhíodh Eoghan an-leisciumhail gach maidean agus ba mhinic a thug sé uair a chluig uatha é a dhúiseacht. An mhaidean seo ac go h-áirighthe bhí an feirmeóir ag glaodhach ar Eoghan “An bhfuilir ‘d’ shuidhe fós” ar seisean. “Airiú” arsa Eoghan leis “Dá mbeinn sa tuighe is fado a bheinn ithte ag na buaibh.”