School: Ráithín (C.) (roll number 9384)

Location:
Raheen, Co. Kerry
Teacher:
Peig, Bean Uí Chróinín

Filter stories

Back
/ 124 Forward
Resolution: Low | High
Ráithín (C.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 044

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Eoghan Ruadh agus an Fógra

Bhí Eoghan ar sclábhuidheacht uair ag fear d’arbh ainm Conchobhar Ó Briain. Thug Eoghan ainm bhréige do de bhrigh go raibh na sagairt ar a thóir agus dá bhíthin sin ní raibh a fhios ag an bhfeirmeóir gurbh é Eoghan a bhí aige in n-aon chor.
An oidhche Sathairn seo ach go h-áirighthe bhí an feirmeóir agus a bheirt mhac ag iarraidh fógra a scríobh amach le cur ar an altóir lá ar na bhárach. Sé a bhí ag an bhfeirmeóir b’adhbhar do’n bhfógra. Ní raibh ag eirighe go ró-mhaith le lucht an scríobhta agus bhí Eoghan ‘na shuidhe ag bhun an tighe gan aoinne ag cur chuige ná uaidh. Do bhris ar an bhfoighid aige sa deireadh agus tháinig sé chúca. “T’r ‘om an peann sin” ar seisean agus “sgríobhfadh amach an rud sin díbh.” D’fhéacadar

(continues on next page)
Language
Irish