School: Ráithín (C.) (roll number 9384)

Location:
Raheen, Co. Kerry
Teacher:
Peig, Bean Uí Chróinín

Filter stories

Back
/ 124 Forward
Resolution: Low | High
Ráithín (C.) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 038

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Acht ó chaitheas an cloc leis tá a comhacht imighthe agus tá súil agam go sroisfeadh an tighe an fhir-breoithdhe in am.”
Comáin sé leis comh tapaidh agus do b’fhéidir leis agus b’é toil Dé é go raibh an t-anam ann roimis. Chuir sé an ola agus annsan fuair an duine bocht bás. Cuir an sagart mallacht ar “An Cailín Deas Crúidthe na mbó” gach lá ó shoin amach.


Ainm an duine a bhfuaras an sgeal uaidh:-
Domhnall Ua Loinghsigh
A Seoladh:- Cléadach, Cluain Caoin, Cill-Áirne
A aois – 80. A Ghairm-Bheatha – Feirmeóireacht.

Domhnaill Ó Conaill

Bhí Domhnall Ó Conaill ag féasta thall i Sasana uair amháin. Cuireadh nimh sa deoch do chun a mharbhú. B’ádhmharaidhe an domhan bhí cailin Éireannach ag freastal ar an mbord an lá san agus fuair sí amach cad a bhí ar siubhal acu. Bhí sí i bponnc agus ní fheadar sí cad a dheánfadh sí ach sa deireadh cheap sá ar phlean. Do labhair sí leis as Gaodhluinn. Agus seo an chainnt a thárla eadtora:-
“A Domhnaill Uí Conaill a’duigeann tú Gaodhluinn?”
Cad na thaobh na tuigfuinn agus mé a bheith ó Éirinn.

(continues on next page)
Informant
Peig Ní Mhurcadha
Gender
female
Age
86
Occupation
bean feirmeora
Address
Knockeennagowan, Co. Kerry
Language
Irish