School: Ráithín (C.) (roll number 9384)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Peig, Bean Uí Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chrom sé ar phaidreoireacht annsan agus i gcionn tamaill fuair sé bás.
An Domhnach d’éis a churtha b’é adhbhar seanmónta a bhí ag an sagart ná Cian gur mhaith an rud muinntear an Ghleanna bheith scartha leis agus go raibh a anam i Ifreann na Damanta i láthair na h-uaire. Ar an bpoinnte cé geobhadh isteach an doras ach “Cian na mbeann n-Óir” féin agus níor stop cos leis gur bhain sé an Altóir mach. Tháinig scannradh ar a raibh istigh agus bhuail sgáth an sagart agus d’éaluigh sé an doras iad amach. Do sheas Cian ar an Altóir agus seo mar labhair sé:-
“Mise Cian na mBeann n-Óir
Ba shia mo lón ná mo shaoghal
Níor chuireas aoinne raibh as mo thigh
Agus níor cuireadh mé as tigh Dé
Is a sagart úd a thug an bhreith
Mar ba mhaith leat féin.
An áit ‘nár mheasais mise a cur
Is ann a raghaidh tú féin”Ainm an duine a bhfuaras an sgéal uaidh – Pádruig Ó hÉalaighe
A Sheoladh – Cluain Caoin
A aois 65, A Ghairm-bheatha – Feirmeóireacht- Informant
- Pádruig Ó hÉalighthe
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cloonkeen, Co. Kerry