School: Ráithín (C.) (roll number 9384)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Peig, Bean Uí Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Níor réidhtigh sé féin agus an sagart a bhí theas i gCill-Átha an uair sin ró-mhaith le n-a chéile mar níor thaitin na droch-nósanna a bhí aige leis an sagart agus bhíodh sé ag fíor-bhagairt damaint síorruidhe ar Chian muna gcaithfeadh sé uaidh na cleasa a bhí aige ‘na Chatoiliceach mhaith mhacánta. Ach níor maitheas ar bith do bheith le Cian, thug sé cluas bodhar do’n sagart agus lean air mar bhí aige.
Sa deireadh buaileadh breoidhte é agus chuaidh sé in-olcas. Mhothuigh sé go raibh an bás ag druidim leis agus chuir sé cómharsa a bhí ag fritheáalamh air fá dhéin an t-sagairt. Rinne sé amhlaidh, dhiúltaigh ach sagart teacht mar go raibh Cian damanta. Chaith sé imtheacht . Nuair shrois sé an phluais chuir Cian ceist air i dtaobh teachta an t-sagairt agus d’innis an chomharsa dó cad a thárla. D’iarr sé air dul siar airís agus do chuaidh acht b’é an freagara céadna a fuair sé. Chuaidh sé an treas uair. “Iarr ar teacht chugham agus caoi a thabhairt dom m’anam a sábháil ar son Dé” arsa Cian. “Abair leis ná raghad mar tá sé damanta agus ní fheadfainn a shábháilt” arsan sagart.
Tháinig an chomharsa ar ais go Cian agus d’innis do cad dubhairt an sagart. “Ó Dia lem’ anam” arsa Cian. Fan annso im’ theannta go dtí go bhfuighidh mé bás agus annsan dein mo chur go galánta. Bíodh fuighleach an airgid agat féin annsan.(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ó hÉalighthe
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cloonkeen, Co. Kerry