School: Ráithín (C.) (roll number 9384)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Peig, Bean Uí Chróinín

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0457, Page 034
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lucht na creiche. Chuaidh na beacha isteach san bheacair airís agus d’imthigh Gobnait abhaile leis an gcreich.Ainm an duine a bhfuaras an sgéal uaidh – Pádruig Ó hÉaluigh
A Sheoladh – Cluain Caoin, GleannFleisge, Cill-Áirne
A aois 65 Gairm-bheatha - Feirmeóireacht - An Gaduidhe Mór agus an SagartBhí gaduidhe mór i nGleann Fleisge fadó – na ceadta blian ó shoin – agus dar ndóigh bhí go leor acu dann sa t-sean aimsir má’s fíor na sean scéalta. Níorbh aon iongadh gur tugadh Gleann Fleisge na mBitheamhnach ar an áit. Ach an gaduidhe mór seo b’é ainm a bhí air ná Cian agus tugtaí Cian na mbeann n-Óir air de bhrigh go raibh sé amuigh air go raibh cáirne airgid foluighthe aige san bpluais ‘na raibh comhnuidhe air i bFaill a’ deamhain.
Níor ghoid sé oiread is pingin ruadh ó bhochtán riamh ach is amhlaidh a bhíodh sé de shíor ag robáil is ag goid ós na tighearnaí talmhan a “n-agents” is a leithéidí agus annsan do roinnfeadh sé amach biadh is airgead ar dhaoine bochta an pharóiste. Thagaidís siúd chuige ó gach áird agus tá sé ráidhthe nár leig sé duine ar bith riamh folamh ó’n a dhoras.(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ó hÉalighthe
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cloonkeen, Co. Kerry