lucht na creiche. Chuaidh na beacha isteach san bheacair airís agus d’imthigh Gobnait abhaile leis an gcreich.
Ainm an duine a bhfuaras an sgéal uaidh – Pádruig Ó hÉaluigh A Sheoladh – Cluain Caoin, GleannFleisge, Cill-Áirne A aois 65 Gairm-bheatha - Feirmeóireacht
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Bhí gaduidhe mór i nGleann Fleisge fadó – na ceadta blian ó shoin – agus dar ndóigh bhí go leor acu dann sa t-sean aimsir má’s fíor na sean scéalta. Níorbh aon iongadh gur tugadh Gleann Fleisge na mBitheamhnach ar an áit. Ach an gaduidhe mór seo b’é ainm a bhí air ná Cian agus tugtaí Cian na mbeann n-Óir air de bhrigh go raibh sé amuigh air go raibh cáirne airgid foluighthe aige san bpluais ‘na raibh comhnuidhe air i bFaill a’ deamhain. Níor ghoid sé oiread is pingin ruadh ó bhochtán riamh ach is amhlaidh a bhíodh sé de shíor ag robáil is ag goid ós na tighearnaí talmhan a “n-agents” is a leithéidí agus annsan do roinnfeadh sé amach biadh is airgead ar dhaoine bochta an pharóiste. Thagaidís siúd chuige ó gach áird agus tá sé ráidhthe nár leig sé duine ar bith riamh folamh ó’n a dhoras.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »