School: Ráithín (B.) (roll number 9304)
- Location:
- Raheen, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ua Cróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal ar Fhingín Uí Scanaill an File Bhí Finghín pósta ach má bhí ní raibh sé féin agus a bhean ag tarraingt go ró-mhaith le’n a céile. Maidean Domhnaigh airighthe bhí Fingín agus scata fear ‘na theannta ag seanchas le chéile lasmuigh de’n séipéil roimh Aifreann. Tháinig an sagart agus thosnuigh sé ag cainnt leo. “Connus tá do chúram” ar seisean le Fingín “Connus tá do bhean?” ar seisean. “Is oth liom a rádh leat a athair,” arsa Fingín leis go bhfuil sí go h-olc. Ó! arsan sagart “an mar sin atá an sgéal aici? Cuirfead fé Ghuidhe an Phobail í má seadh.” Bhí sé de nós san t-am úd na daoine a bhí an-bhreoidhte, a bhí i mbaoghal bháis a chur fé guidhe an phobail comh maith le na daoine a bhí tréis bás dfagháil. Bhí sin go maith. Thosnuigh an sagart ag léigheamh an Aifrinn, agus do thosnuigh sé ag léigheamh amach ainmneacha na ndaoine a bhí sé ag cur fé guídhe an phobail. Nuair a ghlaodh sé amach bean Fhingín Uí Scanaill do thug sé fé ndeara an rí-rá dhá dhéanamh idir na mnaibh ag bun an tséipéil agus cé bhí ann ach bean Fingín. Bhí gach aoinne a bhí i láthair ag gáiridhe fé’n sagart.
T’réis an Aifrinn do bhuail an sagart(continues on next page)- Informant
- Diarmuid Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Address
- Glenflesk, Co. Kerry