School: Ráithín (B.) (roll number 9304)

Location:
Raheen, Co. Kerry
Teacher:
Diarmuid Ua Cróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 405

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 405

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ráithín (B.)
  2. XML Page 405
  3. XML “Cearbhall Ó Dálaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cearúl Ó Dálaigh

    Bhí Cearúl Ó Dálaigh ag pósadh uair amháin annso i nGleann Fleisge agus má bhí ní raibh fhios ag aoinne san gcuideachtain go raibh sé ann mar ní fhuair sé aon chuireadh ann agsu is idteannta na mbacach a bhí sé. Fear an-ghrádhna ar fad do b’eadh é agus ní bhíodh mar éadaigh riamh air ach balcaisí strachaighthe. Ach bhí ball-searc aige agus do leanfadh na mná go léir é nuair a chífidís é sin.
    Bhí san go maith. Bhí Cearúl isteach is amach idteannta na mBacach eile agus bhéarsái áiféiseacha ar siubhal aige. Do leig sé air bheith ‘na amadán. Da deire do ghlaoidh an brídeógach ar dhuine éigin agus d’fhiafruigh sí dhe “Cé’rbh é an bacach mór grána san?" D’airigh Cearúl é agus d’fhreagair sé mar seo é:-
    “Ní bhfearrde dhuit bheith chomh breágh is éan thú chun mná do mhealladh
    Ná bheith grána mar atáim-se agus lúth im chois” Agus do nochtuigh sé an ball searc agus do chonnaic an bhean óg é agus d’éaluig sí leis.
    Ainm an duine ó’n a bhfuaireas an scéal uaidh:- Seán Ó Conaill
    A Sheoladh – Beárna, Gleann Fleisge – Cill Áirne
    A Aois - 76 bl.
    A ghairm-bheatha – Feirmeóireacht.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Conaill
    Gender
    Male
    Age
    76
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Glenflesk, Co. Kerry