School: Gníomh go Leith (B.) (roll number 1703)

Location:
Gneevgullia, Co. Kerry
Teacher:
Cormac Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0451, Page 351

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0451, Page 351

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gníomh go Leith (B.)
  2. XML Page 351
  3. XML “Naomh Laitírean”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí naomh in a cómhnuidhe i gCuileann Uí Chaoimh. Naomh Laitírean ab'ainm dí. Bhí beirt dhriofúracha aice, duine aca, Naomh Crobh Dhearg in a chómhnuidhe ag an gCathair, agus Naomh Gobnait in a cómhnuidhe i mBaile Mhúirne. Bhí tig beag deas ag Naomh Laitírean i gCuileann. Gach maidin bhí sé de nós ag an Naomh dul go dtí an cheardcha a bhí in aice léi, cun gríosach d'fághail. Is in a h-aprún a bheireadh sí an ghríosach léi, agus ní dhóghadh an teine é.
    An mhaidin seo ar aon chuma, chuaidh sí ann. Bhí gabha óg san gceardchain. Thosnuig sé ag magadh fúithi. Bhí sí cosnochtaithe, mar is beag an bhróg nó an stocha a bhí á caitheamh ag duine san am san. Dúbhairt sé "gur gleóidhte na cosa a bhí aice." Le racht ríméid, d'feach sí síos. Bhí peachadh ar a h-anam annsan, mar peachadh iseadh mórtas. Do chuir Dia pianós uirthi. Do las a h-aprún. Ar an neómat, do chuir sí mallacht ar an ngabha, agus ar an gceardchain, agus dúbhairt sí "ná beadh ceardcha so tsráid-bhaile go bráth ná míle in aice léi.
    Bíonn ana lá i gCuilleann gach Samhradh, agus téigheann na sluaighte agus téigheann na daoine ann cun na paidreacha do rádh, i gcuimhneamh an naoimh.

    Donnca Ó Muimhneacháin
    Cúm
    Gníomh-go-Leith
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Donnca Ó Muimhneacháin
    Gender
    Male
    Address
    Coom, Co. Kerry