Scoil: Gníomh go Leith (B.) (uimhir rolla 1703)

Suíomh:
Gneevgullia, Co. Kerry
Múinteoir:
Cormac Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 348

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 348

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gníomh go Leith (B.)
  2. XML Leathanach 348
  3. XML “Scéalta i dtaobh na bhFilí - Scéal i dtaobh Eoin Rua”
  4. XML “Scéalta i dtaobh na bhFilí - Scéal Eile i dtaobh Eoin Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ba léir do chách gur fear ana aerach Eóghan, ach ar a shon san is uile, fear léigheanta, tuiscionach, geár-chúiseach, geár-ínntinneach do b'eadh é. Ní raibh aon chúram air, agus ní raibh cíos, cás, nó cathú air. Cé gur fear ana léigheanta é, ní hionann san is a rádh go raibh sé gan locht.
    Nuair do théigheadh sé isteach sa tig, ní bhíodh múm ná mám as, agus uaireannta do leoghadh sé air gur amadán críochnuighthe é. Ar aon chuma, tráthnóna éigin le linn do bheith ag siúbhal, do ghaibh an ochras air, agus bhí na h-ioscaidí ag lúbadh fé, mar níor bhlais sé blaise bídh ó ghlaodh an choilig, is bhí a cheann ag scoltadh le tinneas cínn. San tslíghe dho, do chonnaich sé tig áluinn, agus do chuir sé roimhe dul isteach ann, ar ais no ar éigin. Do sháidh Eóghan a cheann an doras isteach, agus bhí an súipéir á ithe ag an sagart a bhí ann. Annsan do tháinig lasadh ar a ghnúis, agus do chuaidh sé isteach. Níor chuir an sagart aon chur isteach air, agus mar an gcéadhna Eóghan, mar do leog sé air go raibh sé go cúthail.
    Tar éis tamaill mhaith, d'fiafruig an sagart de a ainm. "Muise" arsa Eóghan "glaodhann siad ainm ait neamh-coitchian orm." "Bhel cad é an ainm sin" ars'an sagart. "Glaodhan siad "Johnny ate a bit" orm" arsa Eóghan, le racht ionghantais. De phreib, bhí iongnadh agus alltacht ar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    M. O Daláigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gneevgullia, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Bean Ui Mhuimhneacháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    78
    Seoladh
    Gneevgullia, Co. Kerry