School: Gníomh go Leith (B.) (roll number 1703)
- Location:
- Gneevgullia, Co. Kerry
- Teacher: Cormac Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gníomh go Leith (B.)
- XML Page 319
- XML “Bogach na Mine”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- ( Mícheál Ó Muimhneacháin do sgríobh - Gnionh-go-Leith. Fuair sé an cúntas ón a shean-mháthair 80 blanta d'aois )
Timcheall míle go leith ón scoil seo, tá portach mór, agus tugtar " Bogach na Mine " mar ainm air. Tá suas le trí céad achra talmhan ann, agus baintear moín de'n dtaobh de. Áit an-dheas iseadh é sa Samhradh agus bionn alán daoine ann ag baint, agus ag sabháilt na móna. Tá a lán ainmhidhthe fiadhaine ann, na sionnaig, na giorruidhthe, na cearca fraoigh, naoscaig agus eile.Tá fhios ag cách ar an rud iongantach do thuit amach ann, agus bhí na daoine ag trácht mar gheall air, imbaile agus igcéin. Ar an 28adh lá de Mí na Nodlag 1895, do rith an portach i lár na h-oidhche. Bhí a lán rian mar gheall air, sar ar rith sé, agus bhí an portach atuighthe suas cúpla blian roimh ré. Samhluightear duinn go raibh an tuille thar céad troig in ndoimhneacht. Isteach sa choiréal leis an bhfánaidh do chuaidh an tuille, agus níor dhein sé stad ná staonadh gur bhain sé amach na Loca Cille Aírne.Bhí tig in giorracht cead slat do'n bportach - Do leagadh an tig, agus bádhadh an líon-tíghe go léir, slán mar a n-innistear é, ach amháin cailín, mar do bhí sí as baile an oidhche sin. Ní raibh tásc na tuairisc ar an dtig(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Muimhneacháin
- Gender
- Male
- Address
- Gneevgullia, Co. Kerry
- Informant
- Bean Uí Mhuimhneacháin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- Gneevgullia, Co. Kerry