School: Ráth Mhór (B.) (roll number 16987)
- Location:
- Rathmore, Co. Kerry
- Teacher: Diarmuid Ó Cróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ráth Mhór (B.)
- XML Page 018
- XML “Créide Cinn Órga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Mhair sise ar an am 'na raibh na Fíanna in Éirinn. Bhí sí in a cómhnaidhe ag bun and Dá Chíc. Ní raibh fear ar bith in Éirinn ná raibh go mór i ngrádh léi, ac diúltún [?] sí a lámh dóibh go léir. Thug sí mion 's móid ná pósfadh sí duine ar bith acht fear go mbeadh sé in a chumas fílidhiocht do chumadh.
Lá amháin bhí Fionn 's a chompánaigh ar bhárr Áird Pádraig i gCó Luimnighe. Connaiceadar fear darbh ainim Cael Ó Neamhain ag teacht a dtuaidh ó Bhrúgh na bóinne. D'fiafruigheadar de cá raibh a thríall 's dubhairt sé leó go raibh sé ag dul ó dheas go dtí an Dá Chíc Danainn cun píosa filíochta do radh do'n bhean Fhlaith a bhí in a cómhnuidhe ann. Tháinig Fionn 's a chomhánaigh in éinfeacht leis. Sroicheadar an Pálás 's tar éis seacht lá do caith taobh amuigh de'n doras sgaoileadh isteach iad. Leigadh i Láthair Créde iad 's léig Caél an píosa filídheachta dí. Bhí sí lán t-sásta 's gheall sí dó go bpósfadh sí é. Pósadh iad ac ní raibh ráth ná sonas ortha mar tháinig na Fathaigh isteach i gCuan Fionn Trágha in(continues on next page)