School: Ráth Mhór (B.) (roll number 16987)

Location:
Rathmore, Co. Kerry
Teacher:
Diarmuid Ó Cróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0451, Page 018

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0451, Page 018

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ráth Mhór (B.)
  2. XML Page 018
  3. XML “Créide Cinn Órga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Mhair sise ar an am 'na raibh na Fíanna in Éirinn. Bhí sí in a cómhnaidhe ag bun and Dá Chíc. Ní raibh fear ar bith in Éirinn ná raibh go mór i ngrádh léi, ac diúltún [?] sí a lámh dóibh go léir. Thug sí mion 's móid ná pósfadh sí duine ar bith acht fear go mbeadh sé in a chumas fílidhiocht do chumadh.
    Lá amháin bhí Fionn 's a chompánaigh ar bhárr Áird Pádraig i gCó Luimnighe. Connaiceadar fear darbh ainim Cael Ó Neamhain ag teacht a dtuaidh ó Bhrúgh na bóinne. D'fiafruigheadar de cá raibh a thríall 's dubhairt sé leó go raibh sé ag dul ó dheas go dtí an Dá Chíc Danainn cun píosa filíochta do radh do'n bhean Fhlaith a bhí in a cómhnuidhe ann. Tháinig Fionn 's a chomhánaigh in éinfeacht leis. Sroicheadar an Pálás 's tar éis seacht lá do caith taobh amuigh de'n doras sgaoileadh isteach iad. Leigadh i Láthair Créde iad 's léig Caél an píosa filídheachta dí. Bhí sí lán t-sásta 's gheall sí dó go bpósfadh sí é. Pósadh iad ac ní raibh ráth ná sonas ortha mar tháinig na Fathaigh isteach i gCuan Fionn Trágha in
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish