School: Na Corráin (roll number 9938/9)

Location:
Currans, Co. Kerry
Teacher:
Cormac Ó Muircheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0446, Page 153

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0446, Page 153

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Corráin
  2. XML Page 153
  3. XML “Seán Ó Duibhir a Ghleanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. T'réís bualadh dhiacrach cásmhar ní raibh ár namhaid ná'r mháíghistir
    Tusa féín a phreab isteach is a tsnámh a tSionna 'nonn
    Tré mhaol-chnuic is sléíbthe do dheinis treó cugainn ar Ghaedhlaibh
    Cé raibh machtíre Gall le claon ar tí sinn bhaint den tsiubhal
    Ar tsroistint Tiobrad Árann níor bhaoghal duinn díth ná bárthan
    Cun gur ghabh linn Clann Uí Mheára dhein taise dúinn is treóír
    Do thiománamar creach romhainne sin creach san creach na Bóínne
    'S a Sheáin Uí Dhuibhir a Ghleanna chuaidh a' lá orainn sa ghleó

    * * *

    B'fada dhúinn 'nár n-aonar ar leacha cois ó Bhéibrí
    Gidh go láidir chas daraidhe mar sgáth orainn ó'n síón
    Trí sheasamh tSamhraidh ghrianmhair is trí fuacht an Gheimhridh riabhachmhair
    Níór ghéílléamar ach cloidhte géire ar seasamh as ár ndíón
    Thánaig campaí Liaim ár dtimpeall, níór thugadar caoi dhuinn dhuinn suidhe seal
    Ach ag cur teinte i sleibhte is a gcoillthe 's no sgamaill féín fé ceó
    Do ghearramar lánaí tríotha 's do ghreadamar go croidhe iad
    A Sheáin Uí Dhuibir A Ghleanna chuaidh a lá orainn sa gcleó.

    * * *

    Sláinte 'n Rí ár Ríóghna cé nár cuireadh riamh é i gcath nó i mbruighin tú
    Sláinte Páraig Sáirseál ár míleadh tréán gan treo
    Fé threó seo ár dtaoiseach, cabhróchaimíd leis an laoiseach
    'S le claidheamh is sleagh do bhrisfeam cath le Sasanaig an fhill
    Fé cathú dhúinn is greadadh, A Sheáin Uí Dhuibhir a Chara
    Sé ár nguidhe, A Dhia saor Eire 's ar mbeannacht léi go deó
    Go raibh a clann bhocht dílis tré's na h-aon tuairgint
    Agus nár mhothuighid siad ár gcruadhtan
    'S a Sheáin Uí Dhuibhir a Ghleanna chuaidh a lá orainn sa gleó
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Cormac Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Currans, Co. Kerry
    Informant
    Bean Uí Chonchobhair
    Gender
    Female
    Age
    c. 80
    Address
    Buaile Uí Chuill, Co. Kerry