School: Na Corráin (roll number 9938/9)

Location:
Currans, Co. Kerry
Teacher:
Cormac Ó Muircheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0446, Page 150

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0446, Page 150

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Na Corráin
  2. XML Page 150
  3. XML “Comhairle Daithí Briain le Donnchadh Ó Súilleabháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. A Dhonnchadh is léan liom do scéal-sa le h-innsint
    Gur iompuighis ó thréithe:- Sliocht Bhéarla gur luighis leo
    Thugais Bíóbla an Éithig is t-aon mhasla d'Íosa
    Ná raibh aon bhrígh insa mhnaoi mhánla ach gob í máthair gheal Chríost í
    Cuimhnig is machtnaig ar bheata na Naomh
    Mar níl ag an gconairt acht dlighthe is claon
    Ar mhúscail na maidne, bféidir gur in Ifreann seóltha
    Beadh cóiriú ar do leabtha is ná i bhFlaitheas na Glóíre.

    * * *
    Iarr-sa na grásta ar an slánuightheóír naomhtha
    Is ar a' mhaighdin mhilis mhánla bí láímh leis mar chéill
    Mar is í chonnaic sa Pháis é go cráidhte, tinn céasta
    Mar a bheadh rí amadánta ag an ngánda dá dhaoradh
    Doirt a chuid fola ar a gcrois ar a ghruadh
    Is a ghéaga dá gceangal gan taise gan truagh
    Creid-se go bhfáfair gan fághalthas an saoghal so
    Is gur caraid lá an ghádatair dúit máthair an aon-mhic

    * * *

    Tá m'inntinn go buartha is níl suaimhneas aon lae orm
    Ó chuala gur ghluaisis le cuallacht a' bhéarla
    Mar do shíleas gur buachaill ciúin stuamdha mall séimh thú
    Is gur ró-bhreágh an dualgas do fuairis ó'n aon mhach
    Ná díol ar bhreib dhamanta gan dí gan aon chlaon
    Mar is ró-ghearr do chairt ná do lón ar a' saoghal
    Cuimhnig ar a' lá bheidh sliocht Ádaim ar aon chnoc
    'S ná bíódh fearg na ngrás ngeal le h-áiteamh i t-éadan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish
    Collector
    Cormac Ó Muircheartaigh
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Currans, Co. Kerry
    Informant
    Pats Kelly
    Gender
    Male
    Age
    c. 75
    Address
    Bólas, Co. Kerry