Scoil: Ráth na Loch (B.), Fearann Fuar (uimhir rolla 16999)
- Suíomh:
- Ranalough, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Oidhche, bhí fear agus a bhean céile suidhte cois na teine tar eis oibre an lae...”
Seán Ó Donnchadha O.S.
Scoil na mBuacaillí,
Ráth-na-Loch,
Farran Fuar.
Seo scéul d'innis mo mháthair (Beannacht De le na h-anam) dhom os cionn dathad bliain ó shoin:-
Oichche, bhí fear agus a bhean céile suidhte cois na teine tar éis oibre an lae. Bhíodar araon traochta ó bheith ag obair go cruaidh ar feadh an lae.Bhí an bhean 'na suidhe go ciúin agus bhí a dhuidín deargtha ag an bhfear agus bhí sé 'gá caitheamh ar a dhícheall.Tar éis tamaillín do chrom an bhean síos agus do bhain sí a bróga agus a stocaí dí. Annsan do thosnuig sí ag scríobadh a meara cos mar bhí tochas orra. Go h-obann d'árduig sí a ceann, d'feuch sí ar an bhfear agus thárla an cainnt seo eatordha:-
Bean:- " A Sheáin, beidh fearthainn againn ".Fear:- " Cá bhfhios duit airiú?Bean:- " Tá tochas ar mo mhear cos ".Fear:- " Muise go ndóightear na h-Almanaicí "- Bailitheoir
- Seán Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)