School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí

Location:
Tonreagh Lower, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 336

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0444, Page 336

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
  2. XML Page 336
  3. XML “Roimh Teacht na Normannach”
  4. XML “Teacht na Normannach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall na bliadhna 1172 - b'iad na taoisigh mhóra a bhí i gceannas ár gCondae ná : -
    (1) Ua Conchubhair - i dtuaisceart an Chonndae
    (2) Mac Cárthaig Mór : Ó Súilleabháin Mór: agus Ó Donncadha - i lár an Chonndae
    (3) O Súilleabháin Bhéarra - i ndeisceart:
    Ina dteannta so bhí na fó - taoisigh nó na tighearnaí beaga:-
    Ó Failbhe, Mac Giolla Choda, O Conaill agus Ó Mathghamhna.
    Do shíolruigh Ó Súilleabháin Mór agus MacGiolla Choda ó Oillill Ollum rígh Cúige Mumhan a fuair bás sa bliain 234AD.
    Ach ba chómhachtaighe i bhfad Mac Cárthaig agus Ó Donnchadha ná ceachtar díobh so: b'é MacCárthaigh rígh an Chonndae nach mór. Tá áit annso ar a dtugtar Baile Chárthaigh: ní feadar an bhfuil aon baint aici le MacCárthaigh.
    Is deachair a dhéanamh amach cé bhí 'n-a mháighistir ar an dúthaigh seo sar a dtáinig muinntear Mac Ealaghóid.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
  2. Tháinig Enrí ll go h-Éirinn 1172 agus tá sé ráidhte go ndeachaidh MacCárthaigh chómh fada lé Portláirge chun a mhor-thighearnas d'admháil. Mar gheall ar sin d'éirigh a mhac 'na choinnibh agus ghlaodhaigh Mac Cárthaigh isteach ar Normánach darbh 'leasainm dó "Réamonn Reamhar" chun an mac do smachtú: do marbhuigheadh an mac. Mar gheall ar an "deagh-obair" a dhein Réamonn do bhronn MacCárthaigh mar luach saothar air dúthaigh mór áluinn i dtuaisceart Chiarraighe timcheall an bhaile - "Leacsnámha". Bhí mac ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.